Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. Cá bhfuil tú i do chónaí? Táim i mo chónaí i nDroichead Átha. Baile mór bríomhar is ea é.
2. Cad atá le déanamh ann?
Tá go leor le déanamh ann. Mar shampla, tá ionad siopadóireachta, pictiúrlann agus ionad spóirt ann.
3. Cén sórt siopaí atá ann?
Tá siopaí de gach sórt ann. Mar shampla, tá siopaí éadaí, siopaí ceoil, siopaí bréagán, siopaí caife agus siopaí bróg ann. Níl aon rud ann nach bhfuil againn!
lbl b 4. Cad atá ann do thurasóirí?
Is féidir leo siúl thart ar an mbaile. Is féidir leo dul go Brú na Bóinne agus Sí an Bhrú freisin. 5. Cad í an áis is fearr leat?
Is aoibhinn liom an siopa ceoil. Téim ann gach Satharn agus seinnim na giotáir iontacha atá acu.
tá acu.
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cá bhfuil Séamus ina chónaí? 2. Cad atá le déanamh sa bhaile sin? 3. Luaigh trí chineál siopaí atá sa bhaile mór. 4. Cad is féidir le turasóirí a dhéanamh? Luaigh dhá rud. 5. Cén fáth a dtaitníonn an siopa ceoil leis?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Séamus (Ceisteanna 1–5) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna faoi mo cheantar a fhreagairt. 128 céad fiche a hocht