Caibidil 2 Íomhánna an dáin: Meaitseáil agus labhair
Meaitseáil na híomhánna leis na cuir síos. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile sa dán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
1
2
‘Cuirim mo dhóchas ar snámh / i mbáidín teangan /
‘i measc na ngiolcach /
3
Leagann an file an báidín síos ar bhruach na habhann. Fásann giolcacha agus coigeal na mban sí ar bhruach na habhann. Tá an file ag féachaint ar an mbáidín beag san abhainn. Tá imní uirthi. Níl a fhios aici cá rachaidh an báidín. Cuireann an file a dóchas don Ghaeilge i mbáidín beag go cúramach, cosúil le leanbh a chur isteach ina leaba. Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón dán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn (represents) an íomhá seo. Déan cur síos ar an bpictiúr seo i do chóipleabhar.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar theideal, file agus íomhánna an dáin.