Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh, is mise Kirill. Gan aon amhras, is é an spórt an caitheamh aimsire is fearr liom. Is breá liom dornálaíocht, sacar agus iománaíocht. Déanaim dornálaíocht ach ní imrím sacar ná iománaíocht.
Tá mé i mo bhall de Chlub Dornálaíochta Smithfield i mBaile Átha Cliath. Is breá liom a bheith ag traenáil leis an gclub. Traenálaim go dian. Bím ag traenáil gach lá seachas Dé Domhnaigh. Téim go dtí an spórtlann go rialta freisin. Bíonn troid agam gach cúpla seachtain.
n. nn
Bhuaigh mé Craobhchomórtas na hÉireann i mbliana. Bhí mé an-neirbhíseach roimh an troid ach bhí bród an domhain orm ina diaidh. Bhí bród an domhain ar gach duine sa chlub freisin.
Is breá liom a bheith ag féachaint ar spórt freisin. Féachaim ar spórt ar an teilifís ach is fearr liom dul go dtí na cluichí féin. Chonaic mé Baile Átha Cliath ag imirt iománaíochta trí huaire anuraidh. Bhuaigh siad ar Thiobraid Árann agus ar Phort Láirge ach faraor, chaill siad in aghaidh Luimnigh! ‘Beidh lá eile ag an bPaorach,’ mar a deir an seanfhocal.
Stór focal ná
or/nor
ball de a member of seachas except
troid bhuaigh siad ar
a fight they beat beidh lá eile ag an bPaorach we’ll live to fight another day
1. Cad é an caitheamh aimsire is fearr le Kirill? 2. Cén spórt a dhéanann sé? 3. Cén club a bhfuil sé ina bhall de? 4. Cé chomh rialta is a bhíonn sé ag traenáil? 5. Cé chomh rialta is a bhíonn troid aige? 6. Cad a bhuaigh Kirill i mbliana? 7. Conas a mhothaigh sé roimh an troid agus ina diaidh? 8. An fearr le Kirill féachaint ar spórt ar an teilifís nó dul go dtí na cluichí féin? 9. Cé mhéad uair a chonaic sé Baile Átha Cliath ag imirt anuraidh? 10. Tabhair sampla amháin a thugann le fios go raibh bliain réasúnta maith ag iománaithe Bhaile Átha Cliath.