Tá na Gardaí ag lorg triúr buirgléirí a bhris isteach i dteach i mBaile an Bhaoil inné. Meaitseáil na cuir síos leis na pictiúir. Bain úsáid as an stór focal thíos.
1
Tá gruaig fhada dhíreach dhubh ar an mbean seo. Tá seacht bhfáinne ina cluas chlé agus fáinne amháin ina srón. Tá aghaidh fhada agus beola tanaí uirthi.
2
Tá gruaig fhada chatach fhionn ar an mbean seo. Tá aghaidh chruinn uirthi. Tá súile móra aici. Tá béal beag agus beola tanaí aici.
3
Tá gruaig ghearr fhionn ar an mbean seo. Tá aghaidh chruinn uirthi. Tá súile móra aici. Tá colm beag ar a héadan, os cionn a súile clé.
Stór focal aghaidh chruinn round face aghaidh fhada srón dhíreach srón cham
long face
beola tiubha beola tanaí
Scríobh
Tá na Gardaí ag lorg an triúr buirgléirí seo. Déan cur síos orthu i do chóipleabhar. Bain úsáid as an stór focal thuas.
1 2 3
straight nose crooked nose full lips thin lips
béal beag súile móra
malaí tiubha colm roic
croiméal
small mouth large eyes
bushy eyebrows scar
wrinkles moustache
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar aghaidh duine. dhá chéad nócha a trí 293