Meaitseáil an Ghaeilge leis an mBéarla. Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie. 1 spás
2 athruithe
3 príobháideacht 4 brú
5 cúinne ciúin
6 faoi ghlas sa chillín 7 i ndeireadh na feide 8 osna áthais
A a quiet corner B pressure C space
D locked up in a cell E changes
F a sigh of happiness G privacy
H at her wits’ end 1 = ____ 2 = ____ 3 = ____ 4 = ____ 5 = ____ 6 = ____
Traic 18–20
Léigh agus éist
Léigh agus éist leis an ngearrscéal ‘Spás’ le Mícheál Ó Ruairc. Tá an taifeadadh ar fáil sna trí chanúint: Gaeilge Chonnacht, Gaeilge na Mumhan agus Gaeilge Uladh.
Spás le Mícheál Ó Ruairc
Theastaigh spás uaithi. Spás di féin. Spás chun ‘a rud féin’ a dhéanamh. Spás lena saol féin a chaitheamh.
Lig sí osna. Lean an múinteoir uirthi ag caint. Ach ní raibh Pádraigín ag éisteacht léi. Bhí a smaointe i bhfad ar shiúl. Bhí sí ag smaoineamh ar a saol féin agus na hathruithe a bhí tagtha air le tamall anuas. Trí mhí ó shin bhí seomra dá cuid féin aici sa bhaile. Ach nuair a saolaíodh leanbh óg dá tuismitheoirí tháinig deireadh leis sin ar fad. Cuireadh a deirfiúr Aoife isteach in aon seomra léi. Níor réitigh sí féin agus Aoife riamh lena chéile.
Go dtí gur tháinig Aoife isteach léi, bhí an saol ar a toil aici. Bhí sí in ann a rogha rud a dhéanamh.