Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an ngearrscéal ‘Quick Pick’. Léigh an sliocht gearr thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an ngearrscéal agus ar an topaic seo.
‘Tá! Mar táim díreach tar éis filleadh ó Lake Tahoe! Ag obair go páirtaimseartha mar gharda tarrthála a bhí mé ann. Áit aoibhinn ar fad is ea é – an ghrian ag scoilteadh na gcloch gach uile lá den tseachtain! Ag tabhairt aghaidh ar Thrá Bondi
i gceann coicíse eile a bheidh mé. Tá an-sceitimíní orm faoi sin!’
Sa ghearrscéal ‘Quick Pick’, labhraíonn Aoife faoin saol galánta atá aici agus faoi laethanta saoire go háiteanna i bhfad i gcéin.
An ndeachaigh tú ar saoire le déanaí? Cé na háiteanna ar domhan ar mhaith leat a fheiceáil?
Le linn na caibidle seo, déan machnamh ar na ceisteanna sin. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.