• Scríobhaimid blaganna chun smaointe pearsanta a roinnt go poiblí. We write blogs to share personal thoughts with the public.
• Tá blaganna cosúil le dialanna ar líne agus bíonn siad neamhfhoirmiúil go minic. Blogs are like online diaries and they are often informal.
• Pléann daoine topaicí cosúil le spórt, ceol nó caithimh aimsire eile ina gcuid blaganna. People discuss topics such as sport, music or other hobbies in their blogs.
• Áiríonn siad íomhánna agus físeáin freisin. Leabaíonn siad ábhar ó na meáin mhóra eile. They include images and videos too. They embed content from other major media.
Léigh agus scríobh Léigh an blag seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Luimneach mé. Is aoibhinn liom ceol, go háirithe rapcheol agus popcheol.
Chuaigh mé chuig ceolchoirm iontach Dé Sathairn seo caite. Olivia Rodrigo a bhí ag seinm. Bhí an cheolchoirm ar siúl i bPáirc Thuamhan.
Roimh an gceolchoirm Cheannaigh mé mo thicéad ar líne. Bhí na ticéid
díolta amach tar éis 30 nóiméad! Chosain siad €49. Chuaigh mé go dtí an cheolchoirm le ceathrar cairde.
An cheolchoirm féin
Bhí an cheolchoirm thar barr. Bhí an áit dubh le daoine. Thosaigh sí ag seinm ag 19.00. Sheinn sí ar feadh dhá uair an chloig. Bhí Niall Horan ann freisin mar aoi speisialta.
Tar éis na ceolchoirme
Nuair a chríochnaigh an cheolchoirm, d’fhágamar an staid agus shiúlamar isteach go cathair Luimnigh. Fuaireamar sceallóga agus ansin fuaireamar an bus abhaile.
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an gceolchoirm sin go deo.