Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an dán ‘Ceist na Teangan’. Léigh an sliocht gearr thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an dán agus ar an topaic seo.
faoi mar a leagfá naíonán i gcliabhán
Sa dán ‘Ceist na Teangan’ léiríonn an file an cúram a thugaimid do naíonáin. An bhfuil aon naíonáin i do theaghlach? An bhfuil aithne agat ar aon naíonáin? Cathain a rugadh iad? Cén aois iad? Cén chuma atá orthu? Cé na tréithe atá acu?
Le linn na caibidle seo, déan machnamh ar na ceisteanna sin. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.