Léigh agus scríobh Léigh faoi theaghlach Liam agus freagair na ceisteanna.
g
Haigh, is mise Liam. Rugadh ar an gcéad lá de mhí na Samhna mé.
Rugadh mo mháthair ar an ochtú lá déag de mhí Eanáir.
Rugadh m’athair ar an gcúigiú lá de mhí na Bealtaine.
Rugadh mo dheirfiúr ar an bhfichiú lá de mhí na Nollag.
1. Cathain a rugadh Liam? 2. Cathain a rugadh máthair Liam? 3. Cathain a rugadh athair Liam? 4. Cathain a rugadh deirfiúr Liam?
m? Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna seo. Ansin, cuir na ceisteanna ar an duine atá in aice leat. 1. Cathain a rugadh thú? 2. Cathain a rugadh do dheirfiúr nó do dheirfiúracha? 3. Cathain a rugadh do dheartháir nó do dheartháireacha? 4. Cathain a rugadh do thuismitheoirí? 5. Cathain a rugadh do sheantuismitheoirí?
Scríobh
Cathain a rugadh na ceiliúráin seo? Scríobh na freagraí i do chóipleabhar. Sampla: Rugadh Harper Beckham ar an deichiú lá de mhí Iúil, dhá mhíle is a haon déag.