Léigh agus scríobh Léigh an litir seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann léi.
Aogán de Barra
Scoil Chónaithe an Rois Gaillimh
14 Deireadh Fómhair 2023 A Aintín Máire,
Tá súil agam go bhfuil tú go maith. Táim ar ais sa scoil chónaithe – sa tríú bliain, an gcreidfeá!
De ghnáth, éirím ag 07.00 (seacht a chlog). Bíonn cithfholcadh agam agus cuirim m’éide scoile orm. Ansin, téim síos go dtí an ceaintín chun an bricfeasta a ithe.
Tosaíonn ranganna ag 08.30 (leathuair tar éis a hocht) agus críochnaíonn siad ag 15.30 (leathuair tar éis a trí). Bíonn sos againn ag 10.30 (leathuair tar éis a deich) agus ithimid ár lón ag 12.30 (leathuair tar éis a dó dhéag). Imrím haca nó cispheil tar éis na scoile.
Ithimid ár ndinnéar ag 17.30 (leathuair tar éis a cúig) sa cheaintín. Ansin, téimid go dtí an halla staidéir. Déanaimid ár gcuid obair bhaile ansin.
g
Féachaimid ar an teilifís ar feadh tamaill agus téimid a chodladh ag 22.00 (deich a chlog). Ar an iomlán, taitníonn an tríú bliain go mór liom.
Bhuel, sin a bhfuil uaim. Abair le hUncail Peadar go raibh mé ag cur a thuairisce.
Slán go fóill, Aogán
nn h
Ábhar Breise
Stór focal scoil chónaithe boarding school
cithfholcadh shower
sin a bhfuil uaim
1. Cén bhliain ina bhfuil Aogán? 2. Cén t-am a éiríonn sé de ghnáth? 3. Cad a dhéanann sé tar éis dó éirí? 4. Cá dtéann sé chun bricfeasta a ithe? 5. Cén t-am a thosaíonn agus a chríochnaíonn na ranganna? 6. Cén t-am a bhíonn lón acu? 7. Cén spórt a imríonn sé tar éis na scoile? 8. Cá dtéann siad tar éis dinnéar a ithe? 9. Cad a dhéanann siad roimh dhul a chodladh? 10. An dtaitníonn an tríú bliain le hAogán?
trí chéad tríocha a naoi 339
that’s all from me ag cur a thuairisce asking for him