An dtaitníonn an dán ‘Ceist na Teangan’ leat? Tabhair fáth amháin le do thuairim.
Freagra samplach:
Taitníonn an dán ‘Ceist na Teangan’ go mór liom. Is breá liom é mar déanann an file comparáid idir ceist na Gaeilge agus scéal Mhaois.
I scéal Mhaois, tá eagla ar mháthair Mhaois roimh Fharó na hÉigipte. Ba mhaith léi Maois a shábháil. Cuireann sí Maois ar snámh san uisce i gcliabhán beag.
Aimsíonn iníon an Fharó Maois. Tá trua aici do Mhaois. Tugann sí abhaile é.
Ceapann an file go bhfuil sí cosúil le máthair Mhaois. Ba mhaith léi an Ghaeilge a shábháil. Cuireann sí an Ghaeilge ar snámh san uisce i mbáidín beag.
comparison
fear; Pharaoh save
finds; pity
Punann 2.3
Scríobh ríomhphost chuig an bhfile. Abair léi go bhfuil tú dóchasach faoin nGaeilge. Luaigh na pointí seo a leanas:
• Gur léigh tú an dán • Gur/nár thaitin an dán leat • Gur maith leat an Ghaeilge agus cén fáth.
Scríobh an chéad dréacht (draft) i do chóipleabhar. Bain úsáid as na frásaí thíos.
Léigh mé an dán ‘Ceist na Teangan’. Thaitin an dán go mór liom mar …
Labhraíonn go leor daoine óga Gaeilge … Tá Gaelscoil i mo cheantar.
Aontaím/Ní aontaím le do thuairim mar … Téann daoine óga go dtí an Ghaeltacht. Is maith liom Gaeilge mar …
Tá go leor cláir iontacha ar TG4.
Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 9 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) an ríomhphost. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 8.
Táim in ann ríomhphost a scríobh bunaithe ar an dán seo. daichead a cúig 45