Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an dán ‘Stadeolaíocht’. Léigh na línte thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an dán agus ar an topaic seo.
Brúim cnaipe na haipe ag ceapadh go gcuirfí ar an eolas mé
Sa dán ‘Stadeolaíocht’, feicimid an taobh dhiúltach den teicneolaíocht. Úsáideann an file go leor focail a bhaineann leis an bhfón cliste. Anseo, mar shampla, úsáideann sé ‘brúim’, ‘cnaipe’ agus ‘aip’.
Céard iad na focail eile a cheanglaíonn tú le fón cliste a úsáid?
Le linn na caibidle seo, déan liosta i do phunann ar leathanach 46. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.