Achoimre an ghearrscéil: Léigh agus scríobh Léigh achoimre (summary) an ghearrscéil agus dear scéalchlár.
Is scéal é seo faoi bheirt chaimiléirí – Emmet agus Aoife. Is duine an-éirimiúil é Emmet. Feiceann sé fadhb i gcóras an Lató agus tá sé ábalta haiceáil isteach ann.
Scríobhann sé ríomhchlár speisialta agus faigheann sé post i mionmhargadh. Leis an ríomhchlár, déanann sé cóip de gach Quick Pick saor in aisce. Tá cód difriúil ag bun gach Quick Pick.
Nuair a bhuann aon Quick Pick, coimeádann sé é. Piocann sé amach na meánduaiseanna agus éilíonn sé an t-airgead i gceanncheathrú an Lató.
Lá amháin, buaileann sé le cailín darb ainm Aoife sa siopa. Deir sí go raibh siad ar scoil le chéile ach ní cuimhin le hEmmet í. Is caimiléir cliste í Aoife freisin, áfach. Tá Aoife ábalta haiceáil isteach i gcuntais bhainc. Scimeálann sí airgead astu.
Tá a fhios ag Aoife go bhfuil rud éigin neamhghnách faoi Emmet. Haiceálann sí isteach ina chuntas bainc agus feiceann sí go bhfuil go leor airgid aige. Tosaíonn sí ag scimeáil airgid as a chuntas.
Rugadh Orna Ní Choileáin i gCorcaigh ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá go leor duaiseanna buaite aici as a cuid scéalta, filíochta agus drámaí.
Táim in ann scéalchlár a dhearadh bunaithe ar an ngearrscéal ‘Quick Pick’.