Freagair na ceisteanna seo. Seiceáil na freagraí leis an duine atá in aice leat. 1. Cén seó a raibh Naoise agus a theaghlach air? 2. Cé mhéad seomra a bhí acu sa seanbhungaló? 3. Cad a deir Naoise faoi na seomraí codlata agus an chistin sa seanbhungaló? 4. Cad a deir sé faoin ngairdín a bhí acu? 5. Cén sórt tí atá acu anois? 6. Ainmnigh na seomraí atá sa teach nua. 7. An bhfuil na seomraí fós fuar agus míchompordach? 8. Cad atá ag fás sa ghairdín?
Noda!
• Tosaigh an ríomhphost le hainm an duine, mar shampla ‘A Áine, a chara’/‘A Liam, a chara’, agus an beannú.
• Abair go raibh tú ar an seó Teach Nua. • Déan cur síos ar an seanteach a bhí agat. • Déan cur síos ar an teach nua atá agat. • Abair cad a cheapann tú faoin teach nua seo.
• Abair cathain a fheicfidh tú é/í arís nó tabhair cuireadh dó/di chuig do theach.
• Cuir d’ainm ag deireadh an ríomhphoist.
Punann 3.3
Samhlaigh go raibh tú ar an seó Teach Nua. Scríobh ríomhphost chuig cara leat faoi do theach nua. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 16.
Táim in ann ríomhphost a scríobh faoi m’áit chónaithe. seachtó a cúig 75