Léigh agus scríobh Léigh an litir seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann léi.
Ko Samui An Téalainn
1 Lúnasa 2023 A Eilís, a chara, Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte.
Táim anseo sa Téalainn ar saoire le mo theaghlach. Tá an áit thar barr. Is aoibhinn liom é anseo.
Táimid ag fanacht ar oileán álainn. Tá an t-óstán galánta. Tá mo sheomra féin mór agus compordach. Tá radharc álainn ar an bhfarraige ón mbalcóin.
Tá an aimsir go breá. Tá sé te agus grianmhar anseo. Gach lá, téimid go dtí an linn snámha ar maidin agus go dtí an trá sa tráthnóna. Tá na tránna fada agus glan agus tá an fharraige socair agus te.
Is breá liom a bheith ag snámh agus ag déanamh bolg le gréin anseo. Chuamar ar thuras báid inné. Bhaineamar an-taitneamh as. Rachaimid ag sciáil ar uisce amárach. Táim ag tnúth go mór leis.
San oíche, ithimid béile blasta san óstán. Taitníonn bia Téalannach go mór liom. Is é curaí cloicheán an cineál bia is fearr liom anseo.
aí
Beimid ar ais i gceann seachtaine. Feicfidh mé ar scoil thú!
Ádh mór, Caitríona
Stór focal An Téalainn galánta
Thailand gorgeous
radharc álainn ar a beautiful view of
socair curaí cloicheán
calm prawn curry i gceann seachtaine in a week’s time
1. Cá bhfuil Caitríona ar saoire? 2. Cé atá in éineacht léi? 3. An maith le Caitríona an áit? 4. Luaigh dhá phointe eolais faoin óstán. 5. Déan cur síos ar an aimsir. 6. Cá dtéann Caitríona agus a teaghlach (i) ar maidin agus (ii) sa tráthnóna? 7. Déan cur síos ar na tránna agus ar an bhfarraige. 8. Cad a rinne siad inné? 9. Cad a dhéanfaidh siad amárach? 10. Scríobh síos dhá cheist ar mhaith leat a chur ar Chaitríona faoin mbia sa Téalainn.