1. Cá bhfuil Caoimhe ag dul ar scoil? 2. Cad í an t-ábhar is fearr léi? Cén fáth? 3. Ainmnigh trí áis atá ina scoil. 4. Déan cur síos ar a héide scoile. 5. Ainmnigh trí riail sa scoil. 6. An maith léi a scoil? Cén fáth?
Noda!
• Déan plean. Chun cabhrú leat, déan liosta de na topaicí a bhaineann le scoil – ábhair, áiseanna, éide scoile, rialacha.
• Tosaigh an aiste le d’ainm agus abairt ghearr fút féin. In aiste faoi do scoil, mar shampla, abair cá bhfuil tú ag dul ar scoil.
• Scríobh dhá nó trí abairt faoi gach topaic.
• Críochnaigh an aiste le tuairim ghinearálta faoin scoil. Mar shampla, ‘Ar an iomlán, is breá liom mo shaol ar scoil.’
Punann 5.2
Scríobh aiste ghearr nó alt faoi do shaol ar scoil. Bain úsáid as plean Chaoimhe, alt Chaoimhe agus na freagraí a thug tú sa chluiche thuas. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 32.
Táim in ann aiste ghearr a scríobh faoi mo shaol ar scoil. céad caoga a trí 153