Beidh Jan agus a theaghlach ag dul go dtí Féile Ealaíon na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Scríobh sé litir chuig a chol ceathair Dónall faoi na rudaí a tharlóidh sna pictiúir 1–4. Léigh an litir a scríobh sé agus ansin na noda ar leathanach 183.
1 2 Pálás 3 4 Óstán Bialann
Do Sheoladh An dáta Beannú A Dhónaill, a chara, Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte.
Beidh mise, Cara, Mam agus Daid ag dul go dtí Féile Ealaíon na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Táimid ag súil go mór leis.
[Pic 1] Gheobhaimid an traein i gCathair na Mart agus athróimid i mBaile Átha Luain.
Corp
[Pic 2] Beidh première an scannáin nua le Seán Breathnach ann Dé hAoine. Beidh sé ar siúl sa Phálás. Beidh go leor scannáin eile ar siúl sna pictiúrlanna eile freisin.
[Pic 3] Oíche Dé Sathairn rachaimid chuig seó ar an bhFaiche Mhór. Beidh Grúpa Sorcais ón Astráil ag taibhiú ann. Táim ag súil go mór leis.
[Pic 4] Fanfaimid in óstán gar don Fhaiche Mhór. Tá bialann dheas in aice leis an óstán agus íosfaimid ann.
Bhuel, sin a bhfuil uaim. Táim ag tnúth le litir uait. Críoch
Ádh mór, Jan
Stór focal Féile Ealaíon
athróimid
Coláiste na Cruaiche Maigh Eo 18 Iúil
Arts Festival
ag súil go mór leis really looking forward to it we will change