Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh, is mise Síne agus is aoibhinn liom spórt! Tá sé corraitheach agus tá sé san fhuil ionam!
Nuair a bhí mé óg, thosaigh mé ag imirt peile sa pháirc le mo dheartháir. Na laethanta seo, imrím peil, camógaíocht agus cispheil.
Táim an-aclaí, le bheith macánta. Téim ag traenáil gach lá. Imrím cluiche peile gach dara Satharn agus cluiche camógaíochta gach dara Domhnach. Imrím cluiche cispheile gach Céadaoin.
Imríonn mo dheartháir leadóg agus cruicéad. Creid é nó ná creid, imríonn sé cruicéad ar fhoireann na hÉireann.
Ní maith le m’athair spórt. Ní thuigim cén fáth! Is fearr leis a bheith ag imirt cártaí agus ag léamh.
Is í Anna Geary an réalta spóirt is fearr liom. Tá sí sciliúil agus cliste.
in my blood these days
every second
on the Irish team
Scríobh agus labhair Colún A 1 An maith le Síne spórt?
2 Cathain a thosaigh Síne ag imirt spóirt? Cén spórt?
4 Cé chomh minic is a théann Síne ag traenáil?
5 Cé chomh minic is a bhíonn cluiche ag Síne?
6 An imríonn teaghlach Shíne spórt? Cén spórt?
gus labhair
Freagair na ceisteanna in A agus in B. Ansin, cuir na ceisteanna in B ar an duine atá in aice leat.
Colún B 1 An maith leat spórt?
2 Cathain a thosaigh tú ag imirt spóirt? Cén spórt?
3 Cad iad na spóirt a imríonn Síne anois? 3 Cad iad na spóirt a imríonn tú anois?
4 Cé chomh minic is a théann tú ag traenáil?
5 Cé chomh minic is a bhíonn cluiche agat?
6 An imríonn do theaghlach spórt? Cén spórt?
7 Cé hé/hí an réalta spóirt is fearr le Síne? 7 Cé hé/hí an réalta spóirt is fearr leat? Táim in ann labhairt faoin spórt i mo shaol. dhá chéad fiche a seacht 227