Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an amhrán ‘Solas’. Léigh na línte thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an amhrán agus ar an topaic seo.
Tá mé ag siúl liom gan beann orm féin ná ar mo threo Anois caithfidh mé tiontú is filleadh ar ais chun bairr
San amhrán ‘Solas’, pléann an liriceoir athrú ina shaol. Bhí fadhb aige ach réitigh sé í. Smaoinigh ar phearsa spóirt nó foireann spóirt a raibh fadhb acu. Cén réiteach a bhí acu?
Le linn na caibidle seo, déan machnamh ar an gceist sin. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.