An dtaitníonn an dán ‘Stadeolaíocht’ leat? Tabhair dhá fháth le do thuairim.
Freagra samplach:
Taitníonn an dán ‘Stadeolaíocht’ go mór liom ar dhá chúis: (i) an mothúchán ‘greann’ agus (ii) an teachtaireacht.
Is breá liom an mothúchán ‘greann’ sa dán. Bhí an file ag lorg eolas fíor-ama faoin mbus ar a fhón. Ní eolas fíor-ama a fuair sé, ach radharc fíor-ama – den bhus ag dul thar bráid!
Is maith liom an teachtaireacht sa dán seo freisin. Caillimid go léir amach ar rudaí sa saol mar bímid i gcónaí ag féachaint ar ár bhfóin.
for two reasons emotion; message
past
Punann 6.4
Is tusa an file. Bhí plean agat bualadh le do chara. Faraor, beidh tú déanach anois.
Scríobh teachtaireacht (message) ghearr chuige/ chuici. Luaigh na pointí seo:
• Gur chaill tú an bus • An fáth ar chaill tú an bus • Go mbeidh tú 30 nóiméad déanach. Scríobh an chéad dréacht (draft) i do chóipleabhar. Bain úsáid as na frásaí thíos.
Tá brón orm. I’m sorry.
Beidh mé 30 nóiméad déanach. I’ll be 30 minutes late.
Bhí mé ag féachaint ar … I was looking at …
Ní fhaca mé … I didn’t see …
Creid é nó ná creid … Believe it or not …
Chaill mé an bus. I missed the bus.
Bhí mé ag seiceáil … I was checking …
Feicfidh mé ar ball thú. I’ll see you in a while.
Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 45 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) do chuid oibre. Scríobh an leagan deiridh (final version) i do phunann ar leathanach 44.
Táim in ann teachtaireacht a scríobh bunaithe ar an dán seo. céad ochtó a seacht 187