Na carachtair sa ghearrscéal: Meaitseáil Meaitseáil an Ghaeilge leis an mBéarla. Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie.
1 machnamhach 2 anailíseach 3 imníoch
4 cosantach 5 cineálta
6 tuisceanach 1 = ____ 2 = ____ 3 = ____ Léigh agus scríobh Léigh faoi na carachtair sa ghearrscéal agus freagair na ceisteanna. Pádraigín
Is duine machnamhach anailíseach í Pádraigín. Sa ghearrscéal seo, déanann sí machnamh agus anailís ar a cuid fadhbanna. Níl spás aici ina saol. Mar sin, smaoiníonn sí ar phlean. Scríobhfaidh sí chuig Mamó.
Is duine imníoch í Pádraigín freisin. Tá imní uirthi mar ceapann sí nach mbeidh sí ábalta aon spás a fháil riamh. Faraor, ní labhraíonn sí le héinne faoin bhfadhb.
Tuismitheoirí Phádraigín
Is tuismitheoirí cosantacha iad tuismitheoirí Phádraigín. Deir siad nach bhfuil cead aici scríobh chuig Diarmaid mar caithfidh sí staidéar a dhéanamh. Níl cead aici dul chuig teach Mhamó ina haonar.