Tá ceantair speisialta ann ina labhraíonn daoine Gaeilge mar chéad teanga gach lá. Tugaimid ‘Gaeltachtaí’ ar na ceantair seo.
Tá ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus sa Mhí.
Tá cúig líonra Gaeilge sa tír freisin. Is ceantair iad seo ina labhraíonn daoine Gaeilge agus Béarla gach lá. Is iad sin Béal Feirste, Baile Locha Riach, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin agus Inis.