Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh, is mise Dara. Tá go leor caithimh aimsire agam. Taitníonn spórt liom, taitníonn ceol liom agus taitníonn péinteáil liom. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom a bheith ag imirt cluichí ríomhaire agus ag dul ar líne. Tá ríomhaire glúine agus fón cliste agam.
Tá go leor cluichí ríomhaire agam. Is iad cluichí carranna na cluichí is fearr liom. Imrím cluichí ar nós Gear.Club Unlimited agus Gran Turismo Sport. Imrím cluichí ar an bhfón póca freisin.
Ní chaithim a lán ama ag imirt cluichí ríomhaire i rith na seachtaine. Ag an deireadh seachtaine, buailim le mo chairde agus caithimid cúpla uair an chloig ag imirt cluichí le chéile.
r
Téim ar líne go minic freisin. Is breá liom na meáin shóisialta. Tá cuntas Facebook agus Instagram agam agus postálaim grianghraif go minic. Seolaim teachtaireachtaí trí aipeanna ar nós WhatsApp agus Messenger.
Deir mo thuismitheoirí go bhfuil mé tugtha do m’fhón póca. Faraor, tá an ceart acu. Bím i gcónaí ag seiceáil an bhfuil teachtaireacht nua agam ann!
Ábhar Breise
Stór focal teachtaireacht
message
aipeanna ar nós
apps such as
1. Luaigh cúig chaitheamh aimsire atá ag Dara. 2. Ainmnigh dhá chineál gléasanna (devices) atá aige. 3. Cén cineál cluichí ríomhaire is fearr le Dara? 4. Ainmnigh dhá chluiche ríomhaire a imríonn sé. 5. An gcaitheann Dara a lán ama ag imirt cluichí ríomhaire i rith na seachtaine? 6. Cad a dhéanann sé ag an deireadh seachtaine? 7. Ainmnigh dhá chuntas meán sóisialta atá ag Dara. 8. Cad a phostálann sé go minic? 9. Cad iad na haipeanna a úsáideann sé chun teachtaireachtaí a sheoladh? 10. Tabhair sampla amháin a thugann le fios go bhfuil Dara tugtha dá fhón póca.