Léigh an giota seo agus líon na bearnaí chun na ceisteanna a fhreagairt.
Seo Sabre Norris. Is surfálaí agus scátálaí proifisiúnta agus réalta YouTube í. Is as an Astráil í. Tá gruaig dhonn uirthi agus tá súile gorma aici. Tá sí sciliúil agus spórtúil.
1 Cén sórt réalta í Sabre Norris? Is __________ __________ í. 2 Cén sórt gruaige atá uirthi? 3 Cén dath súl atá aici? 4 Cén sórt duine í?
5 Tá Sabre Norris ag teacht chuig do scoil. Scríobh síos dhá cheist ar mhaith leat a chur uirthi.
Traic 4
Tá gruaig __________ uirthi. Tá súile __________ aici.
Tá sí __________ agus __________.
__________ aois __________? __________ dath is __________ leat?
Léigh, éist agus scríobh
Léigh agus éist leis an ngiota seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Seo Joshua ‘lolb0om’ Juliano. Is réalta r-spóirt é. Imríonn sé Fortnite. Tá gruaig ghearr dhubh air agus tá súile donna aige. Is as Baile Átha Cliath é. Tá sé cliste agus foighneach.
1. Cén sórt réalta é Joshua Juliano? 2. Cén sórt gruaige atá air? 3. Cén dath súl atá aige? 4. Cén sórt duine é? 5. Tá Joshua ag teacht chuig do scoil. Scríobh síos dhá cheist ar mhaith leat a chur air.
Taighde
Téigh ar líne agus déan taighde ar réalta idirlín. Ansin, freagair na ceisteanna seo: 1. Cén sórt réalta é/í? 2. Cén sórt gruaige atá air/uirthi? 3. Cén dath súl atá aige/aici? 4. Cén sórt duine é/í? 5. Cé mhéad leantóir atá aige/aici?
Táim in ann ceisteanna ar réalta idirlín a fhreagairt. a cúig déag 15