LÉAMHTHUISCINT Tinn sa Bhaile Léigh Féach ar an tsraith pictiúr seo agus léigh an scéal a ghabhann léi.
Is mise Léan. Dé hAoine seo caite, bhí mé an-tinn. Nuair a dhúisigh mé ar maidin, bhí tinneas cinn orm. Bhí scornach thinn orm freisin. Bhí pian i mo mhuineál agus i mo dhroim.
Ansin, thosaigh mé ag sraothartach agus ag casacht. Thosaigh mé ag cur allais freisin, mar bhí teocht ard orm.
Ní dheachaigh mé ar scoil an lá sin. Dúirt Daid liom fanacht sa leaba. D’fhan mé sa leaba agus thit mé ar ais i mo chodladh.
Ag am lóin, d’ith mé píosa tósta agus d’ól mé tae le líomóid agus mil. Thug mo Dhaid leigheas dom freisin.
Chaith mé an chuid eile den lá ar an tolg. D’fhéach mé ar an teilifís agus d’imir mé cúpla cluiche ríomhaire.
Faraor, bhí mé fós tinn an lá dár gcionn. Níos measa fós, Dé Sathairn a bhí ann!
D’éirigh mé beagáinín níos fearr Dé Domhnaigh. Dé Luain, bhí mé ar ais ar mo sheanléim arís.