Sa chuid seo den ghearrscéal, foghlaimímid níos mó faoi Aoife. Is caimiléir í freisin agus tá a scéim speisialta féin aici.
Bhrúigh Aoife a beola le chéile chun go suífeadh an béaldath i gceart orthu. Chuir sí síos an bata agus chas ar ais ar an ríomhaire chun a teachtaireachtaí a sheiceáil an athuair. Dada.
Bhí Aoife dóite den saol. Bhí sí tar éis slám airgid a chailleadh i gcluiche pócair ar maidin agus bhí sí amuigh as an gcluiche anois. Bhí sí idir dhá chomhairle faoi thosú as an nua. Ba bheag eile a bhí le déanamh aici agus bhí géarghá aici cur lena ciste pearsanta.
con artist; her own special scheme
pressed; lips lipstick
to check her messages nothing
bored; pile
in two minds; starting afresh she had little else to do serious need
Bhí sí ar tí diúltú a bheith páirteach sa turas domhanda pócair – Pócar i bParthas, is é sin le rá an Astráil – nuair a las an clúdach beag litreach ag cur in iúl di go raibh teachtaireacht nua ann di. Bhrúigh sí an cnaipe agus nuair a chonaic sí cad a bhí ann, tháinig straois ar a haghaidh.