níos breátha níos deacra níos dóichí níos faide níos fusa
níos giorra níos fearr níos mó níos nuaí
níos measa níos tapúla níos teo
níos tréine/treise
Cleachtadh D Athraigh na focail idir lúibíní.
1. Tá Éire níos [beag] ____________ ná Madagascar. 2. Tá imeallbhord (coastline) Shligigh níos [fada] ____________ ná imeallbhord Liatroma. 3. Tá níos [mór] ____________ oileán amach ó chósta na hIorua ná ó chósta na Danmhairge. 4. Tá an aimsir in Oymyakon na Sibéire níos [olc] ____________ ná an aimsir in Los Angeles.
5. Tá an t-achar (distance) idir an Domhan agus Iúpatar níos [gearr] ____________ ná an t-achar idir an Domhan agus Satarn.
6. An bhfuil foireann sacair na hÉireann níos [maith] ____________ ná foireann Shasana? 7. Ní bhíonn an aimsir san Íoslainn níos [breá] ____________ ná an aimsir san Astráil.
8. Deirtear go bhfuil Trá Bhaile Mhic an Stocaire níos [álainn] ____________ ná aon trá eile ar domhan.
9. De ghnáth bíonn an Spáinn níos [te] ____________ ná Éire.
10. An bhfuil sé níos [deacair] ____________ taisteal go dtí an ghealach (moon) ná dul go grinneall (bottom) an Aigéin Chiúin?