SCRÍOBH Scéal: Timpiste a Tharla Dom Léigh Féach ar an tsraith pictiúr seo agus léigh an scéal. Féach ar an tsraith pictiúr seo agus léi
Lá fuar seaca a bhí ann. Bhí mé ag siúl ar scoil le mo dheirfiúr agus mo chara Evan. An geimhreadh a bhí ann agus bhí sé fós dorcha.
Bhíomar ag siúl suas an cosán go dtí an scoil. Chonaiceamar an fear glas ag splancáil ar na soilse tráchta. Thosaíomar ag rith trasna an bhóthair go tapa. Ach mo léan, shleamhnaigh mé ar stráice oighir agus thit mé go talamh! Bhuail mé mo cheann go trom ar an mbóthar.
Thosaigh mo cheann ag cur fola. Ghlaoigh mo dheirfiúr ar mo Mham agus tháinig sí go tapa. Ansin, thiomáin sí go dtí an dochtúir mé.
Ar an dea-uair, bhí an dochtúir ann. Ghlan an dochtúir an chneá go cúramach. Ansin, chuir sé cúig ghreim ar an gcneá. Chuir sé plástar mór uirthi freisin! Fuair mé lá saor ón scoil. Tar éis cúpla lá, bhí mé ar ais ar mo sheanléim arís.