Na carachtair sa dráma: Léigh agus scríobh Léigh faoi na carachtair sa ghearrscéal agus freagair na ceisteanna.
Sinéad
Is duine cróga agus diongbháilte í Sinéad. Tosaíonn sí ag spiaireacht ar an lucht dumpála. Feiceann sí Séamus agus Peadairín ag dumpáil bruscair in aice le loch. Is cairde le Daid Shinéad iad.
Tosaíonn sí agóid in aghaidh na dumpála. Téann sí os comhair na cúirte chun an scéal a insint.
Seosamh
Is duine cliste agus diongbháilte é Seosamh. Tá a fhios aige go mbeidh Séamus agus Peadairín ar ais. Tá a fhios aige go mbeidh siad ábalta spiaireacht a dhéanamh orthu. Glacann sé grianghraif de na fir freisin.
Daid Shinéad
Is duine mímhacánta é Daid Shinéad. Is léir go mbíonn sé féin agus an lucht dumpála ag obair as lámha a chéile. Tugann sé breab do Thadhg freisin.
Séamus agus Peadairín S
Is daoine dímheasúla iad Séamus agus Peadairín. Níl meas acu ar an timpeallacht. Dumpálann siad bruscar in aice le loch álainn. Níl meas acu ar na déagóirí.
Is N b n
d environment
working in cahoots bribe
spying
1. Cén sórt duine í Sinéad? 2. Cad a thosaíonn sí in aghaidh na dumpála? 3. Cá bhfios dúinn gur duine cliste agus diongbháilte é Seosamh? Luaigh pointe eolais amháin. 4. Cén sórt duine é Daid Shinéad? 5. Cad a thugann sé do Thadhg? 6. Cén fáth ar daoine dímheasúla iad Séamus agus Peadairín? Luaigh pointe eolais amháin.
Scríobh agus labhair
Roghnaigh carachtar amháin. Scríobh dhá aidiacht faoi nó fúithi. Taispeáin an liosta don duine atá in aice leat. An féidir leo a thomhas (guess) cé hé nó cé hí?
Táim in ann anailís a dhéanamh ar charachtair sa dráma Gleann Álainn. céad fiche a cúig 125