Scéal an amhráin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an amhráin agus dear scéalchlár.
San amhrán ‘Fún Orm’, canann an liriceoir faoi dhá rud: saoirse cainte agus tábhacht na Gaeilge.
Ar an gcéad dul síos, is breá leis ceolchoirmeacha mar is breá leis an fuinneamh. Is breá leis rudaí a rá amach gan scáth gan eagla. Tá cead ag gach duine rudaí a rá amach gan scáth gan eagla, dar leis.
Ar an dara dul síos, is í an Ghaeilge a theanga dhúchais. Is fearr leis liricí a scríobh i nGaeilge. Deir sé go bhfuil sé tábhachtach teangacha a fhoghlaim freisin. Ní stopfaidh seisean ag foghlaim.
Teideal an amhráin: Scríobh Líon na bearnaí chun teideal an amhráin a mhíniú. Bain úsáid as na focail thíos.
liriceoir fonn teideal labhairt sheinm
Is é ‘Fún Orm’ _______________ an amhráin seo. Leagan canúnach den fhocal ‘fonn’ is ea ‘fún’. San amhrán seo, deir an _______________ go bhfuil _______________ air an ceol a _______________ agus an Ghaeilge a _______________.
Mothúcháin an amhráin: Scríobh agus labhair
Cad is brí leis na mothúcháin seo? Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie. Cén mothúchán is láidre sa dán seo, meas tú? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
bród faoiseamh eagla neamheagla An banna
Tá beirt cheoltóirí sa bhanna ceoil IMLÉ. Is iad sin an dordghiotáraí Cian Mac Cárthaigh agus an fíodóir focal MC Muipéad. Bíonn Ríona Sally Hartman agus Róisín Seoighe ag seinm agus ag canadh leo go rialta.
212 dhá chéad a dó dhéag grá crógacht dóchas cumhacht