Caibidil 7 Íomhánna an amhráin: Meaitseáil agus labhair
Meaitseáil na híomhánna leis na cuir síos. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile san amhrán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
1
2
3
‘déanaim gleo ag na gigeanna’
‘ag labhairt m’intinne’ ‘coinneoidh mé orm ag foghlaim’
Cruthaíonn an liriceoir íomhánna trí chur síos a dhéanamh ar ghníomhartha difriúla. Cruthaíonn na gníomhartha seo íomhá dhifriúil in intinn gach duine.
The lyricist creates images through describing different actions. These actions create a different image in each person’s mind.
Labhraíonn an liriceoir amach gan scáth gan eagla san amhrán seo. Cruthaíonn an liriceoir atmaisféar bríomhar ag na gigeanna. Faigheann sé fuinneamh ón lucht féachana. Tá an fhoghlaim tábhachtach don liriceoir. Deir sé nach stopfaidh sé de bheith ag foghlaim. Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón amhrán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn (represents) an íomhá seo. Déan cur síos ar an bpictiúr seo i do chóipleabhar.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar an amhrán. dhá chéad a trí déag 213