Is duine cairdiúil gealgháireach í Aoife. Tosaíonn sí ag caint le hEmmet sa siopa. Tugann sí cuireadh dó dul chuig oíche na n-iarscoláirí.
Is duine glic agus cliste í freisin. Imríonn sí pócar go rialta agus fuair sí cuireadh dul chuig comórtas mór san Astráil. Chomh maith leis sin, tá a fhios aici go bhfuil Emmet ag déanamh rud éigin mímhacánta.
Is duine mímhacánta í freisin. Bíonn sí ag scimeáil as cuntais bhainc. Leanann sí Emmet agus haiceálann sí isteach ina chuntas bainc.
follows
an invitation; school reunion
1. An duine éirimiúil é Emmet? Cá bhfios dúinn? Is leor pointe eolais amháin. 2. Cá bhfios dúinn gur duine mímhacánta é Emmet? 3. Cá bhfios dúinn gur duine cairdiúil í Aoife? Luaigh pointe eolais amháin. 4. An duine cliste í Aoife? Cén fáth? 5. Cad a dhéanann Aoife le cuntas bainc Emmet?
Bí ag caint!
Smaoinigh ar chosúlacht amháin agus difríocht amháin idir Aoife agus Emmet. Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar charachtair sa ghearrscéal ‘Quick Pick’.