Is traipéiseoir agus cró-mháistir í Tara Gerbola. Bhunaigh sí Circus Gerbola in 2001. Tá go leor taibheoirí difriúla sa sorcas – gleacaithe, cleasghleacaithe, lámhghleacaithe, agus ar ndóigh, traipéiseoirí. Is minic a bhíonn na traipéiseoirí ag crochadh óna gcosa bun os cionn, nó ag luascadh ó lámha duine eile. Caithfidh croí leoin a bheith agat chun é sin a dhéanamh!
g
trapeze artist; ringmaster founded gymnasts of course hanging
upside down; swing nerves of steel (‘a lion’s heart’)
1. Luaigh dhá áit inar féidir leat taibheoirí a fheiceáil na laethanta seo. 2. Cén post atá ag Maria agus Aoife ó StrongWomen Science? 3. Cén sórt cleas a dhéanann Maria agus Aoife? 4. Luaigh dhá thréith fhisiciúla atá ag Lords of Strut. 5. Conas a neartaíonn siad a lámha, cosa, agus guaillí? 6. Cén post atá ag Tara Gerbola? 7. Luaigh dhá chineál taibheoirí a bhíonn le feiceáil ina sorcas. 8. Luaigh dhá chleas a dhéanann traipéiseoirí.
Scríobh
Tá taibheoir amháin ó na próifílí thuas ag teacht chuig do scoil. Scríobh síos cúig cheist ar mhaith leat a chur uirthi nó air. Bain úsáid as na noda thíos chun cabhrú leat:
• ‘Cathain a thosaigh tú ...?’ • ‘An maith leat ...?’ • ‘Cén cleas ...?’
• ‘Cén aois a bhí tú nuair ...?’ • ‘Ar mhaith leat ...?’ • ‘An mbíonn eagla ...?’
Táim in ann labhairt faoi thaibhealaíontóirí agus a seónna. dhá chéad nócha a haon 291