Timpeall 500 AD, bhí Éireannaigh ina gcónaí i lonnaíochtaí ciorclacha.
‘Ráth’ is ainm don lonnaíocht ar fad. ‘Lios’ is ainm don áit ina raibh na tithe.
lios ráth
Bhí cónaí ar na ríthe sna lonnaíochtaí is tábhachtaí. ‘Dún’ is ainm don sórt lonnaíochta seo.
Ráth an tSratha, Co. Ros Comáin
Is ó na lonnaíochtaí seo a fhaigheann go leor bailte in Éirinn a n-ainm. Mar shampla, Ráth Fearnáin, Ráth Caola, Lios Ceannúir, Lios Mór, Dún Pádraig agus Dún Laoghaire.
Dún Pádraig, Co. an Dúin
Stór focal lonnaíochtaí ciorclacha circular settlements
tithe ríthe
houses kings
is tábhachtaí most important a fhaigheann that get bailte