Léigh agus scríobh Léigh an scéal seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Lá breá gréine a bhí ann. Bhí mise Eric agus mo dheirfiúr Leona ag rothaíocht sléibhe i dTigh an Chnoic i mBaile Átha Cliath. Bhíomar ag baint an-taitneamh as an lá.
Tar éis tamaill, stopamar i gcomhair sosa. Go tobann, chuala mé duine eile ag rothaíocht. D’fhéach mé suas an cnoc agus chonaic mé fear ag teacht inár dtreo ar luas lasrach. Faraor, ní raibh sé ábalta stopadh. Ar deireadh, sciorr sé agus thit sé dá rothar.
Rith mise agus Leona chuig an bhfear. Ghlaomar ar na seirbhísí éigeandála láithreach. Tar éis deich nóiméad, tháinig an Garda Cósta – i héileacaptar! Léim na dochtúirí amach agus scrúdaigh siad an fear. Bhí a chos briste.
Chuir siad an fear isteach sa héileacaptar. D’eitil siad go dtí an t-ospidéal.
An tseachtain dár gcionn, fuaireamar glao fóin ón bhfear. Ghabh sé buíochas linn. Dúirt sé go raibh plástar Pháras ar a chos ach go raibh sé ag mothú níos fearr.
‘Gach rud i gceart ach sinn a bheith slán,’ mar a deir an seanfhocal!
Ábhar Breise
Stór focal lá breá gréine
tar éis tamaill cnoc
inár dtreo
fine sunny day
rothaíocht sléibhe mountain biking after a while hill
in our direction
ar luas lasrach sciorr sé
gach rud i gceart ach sinn a bheith slán
1. Cá raibh Eric agus Leona ag rothaíocht? 2. Cén fáth ar stop siad tar éis tamaill? 3. Cad a chonaic Eric nuair a d’fhéach sé suas an cnoc? 4. Cad a tharla don fhear ar deireadh? 5. Cad a rinne Eric agus Leona ansin? Luaigh dhá rud. 6. Conas a thaistil an Garda Cósta go dtí an áit? 7. Cad a rinne na dochtúirí nuair a shroich siad an áit? 8. Cad a bhí cearr lena chos? 9. Cár chuir na dochtúirí an fear? 10. Cad a dúirt an fear nuair a chuir sé glao orthu?
trí chéad caoga a haon 351
at breakneck speed he skidded
seirbhísí éigeandála emergency services ag mothú níos fearr feeling better