Tá clú agus cáil ar na spóirt Ghaelacha ar fud an domhain. Is iad peil Ghaelach, iománaíocht, camógaíocht agus liathróid láimhe na spóirt Ghaelacha is mó cáil.
Peil Ghaelach Iománaíocht
Camógaíocht Páirc an Chrócaigh
Is í Páirc an Chrócaigh an staid is mó in Éirinn agus an tríú staid is mó san Eoraip. Tá sé suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá áit sa staid do bheagnach 83,000 duine. Chomh maith leis sin, tá músaem, bialanna, oifigí agus turas spéirlíne ann.
Is iad na Cluichí Ceannais sa pheil, san iománaíocht agus sa chamógaíocht buaicphointí na bliana. Bíonn ócáidí móra eile ar siúl ann freisin, ar nós ceolchoirmeacha móra. Sheinn U2, Ed Sheeran, One Direction, Beyoncé agus Taylor Swift ann.