LÉAMHTHUISCINT Lá Fhéile Bríde Léigh agus meaitseáil Léigh na giotaí seo agus meaitseáil leis na pictiúir iad. 1 2 3
Ceiliúraimid Lá Fhéile Bríde ar an 1 Feabhra. Bíonn lá saoire bainc ann ina honóir freisin. Rugadh Naomh Bríd i gContae Lú timpeall 450 AD. Cailín cineálta cabhrach ab ea Bríd.
Dubhthach ab ainm dá hathair. Faraor, ní raibh sé go deas le Bríd.
Lá amháin, shocraigh Dubhthach Bríd a dhíol le hArdrí Laighean. Nuair a chuaigh Dubhthach isteach sa chaisleán chun labhairt leis an Ardrí, thug Bríd claíomh a hathar d’fhear bocht.
4 5
Bhí fearg an domhain ar Dhubhthach nuair a tháinig sé amach. Bhí a fhios ag an Ardrí, áfach, gur chailín naofa í Bríd.
Ina dhiaidh sin, chuaigh Bríd sna mná rialta. Dhéanadh sí crosóga as luachra. Tugtar ‘Crosóga Bhríde’ ar na crosóga seo.
6
Fuair Naomh Bríd bás timpeall 525 AD. Cuireadh i gCill Dara í ach tugadh a blaosc go dtí an Phortaingéil in 1283 chun í a choimeád slán.