Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Is mise Freya. Tá mé i mo chónaí in árasán i lár na cathrach. Is aoibhinn liom an chathair. Tá go leor siopaí agus caiféanna in aice linn. Níl mo scoil ach cúpla nóiméad ar shiúl.
Tá an t-árasán féin suite i mbloc mór árasán cois na habhann. Tá sé mór, geal agus compordach. Tá trí sheomra codlata, seomra suí, cistin agus dhá sheomra folctha ann. Is é mo sheomra codlata an seomra is fearr liom. Is breá liom mo scíth a ligean ann.
Tá leaba shingil agam agus tá sé an-chompordach. Tá deasc bheag agam freisin. Déanaim mo chuid obair bhaile ag an deasc seo. Tá taisceadán in aice le mo leaba. Tá trí tharraiceán sa taisceadán. Tá lampa amháin ar an taisceadán agus lampa eile ar an deasc. Tá vardrús mór sa chúinne. Coimeádaim mo chuid éadaí ann. Coimeádaim mo chuid leabhar ar na seilfeanna.
Tá en suite beag agam freisin. Tá scáthán, doirteal, cithfholcadán agus leithreas ann. Tá dhá tharraiceán faoin doirteal. Coimeádaim smideadh agus earraí níocháin eile sna tarraiceáin.