Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an ngearrscéal ‘Spás’. Léigh an sliocht gearr thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an ngearrscéal agus ar an topaic seo.
Trí mhí ó shin bhí seomra dá cuid féin aici sa bhaile. Ach nuair a saolaíodh leanbh óg dá tuismitheoirí tháinig deireadh leis sin ar fad. Cuireadh a deirfiúr Aoife isteach in aon seomra léi.
Sa scéal ‘Spás’, tá brón ar Phádraigín mar níl a spás féin aici. Bhí a seomra codlata féin aici ach anois tá sí ag roinnt seomra lena deirfiúr. Céard fútsa? An roinneann tú féin seomra codlata? Céard iad na buntáistí agus na míbhuntáistí faoi sheomra codlata a roinnt?
Le linn na caibidle seo, déan machnamh ar na ceisteanna sin. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.