Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. Cad iad na caithimh aimsire is fearr leat? Is breá liom a bheith ag imirt spóirt agus ag seinm ceoil. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom dul ar líne.
2. Cad é an scannán deireanach a chonaic tú? Chonaic mé Cogaí Réaltaí XI an deireadh seachtaine seo caite.
3. Ar thaitin sé leat? Thaitin sé go mór liom.
4. Cén cineál clár teilifíse a thaitníonn leat? Is maith liom cláir cheoil agus cláir spóirt. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom seónna taistil.
on
5. Cé chomh minic is a théann tú ar líne? Téim ar líne cúpla uair san uair.
6. Cad a dhéanann tú ar líne?
Seiceálaim m’fhotha Facebook agus Instagram. Postálaim uaireanta. Seolaim téacsanna freisin.
7. An imríonn tú cluichí ríomhaire? Imrím cluichí ríomhaire ó am go ham.
8. Cad a dhéanfaidh tú ag an deireadh seachtaine? Buailfidh mé le mo chairde. Rachaimid go dtí an phictiúrlann. Ba bhreá liom Godzilla a fheiceáil.
?
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Liostaigh trí chaitheamh aimsire atá ag Jamila. 2. Liostaigh trí chineál clár teilifíse a thaitníonn le Jamila. 3. Cé chomh minic is a théann Jamila ar líne? 4. Cad a dhéanann Jamila ar líne? 5. Cad a dhéanfaidh Jamila ag an deireadh seachtaine?
l Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Jamila (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna faoi mo chuid caitheamh aimsire a fhreagairt. 188 céad ochtó a hocht