Faraor, tá cúpla míbhuntáiste leis an áit. Mar shampla, bíonn sé torannach san oíche, go háirithe ag an deireadh seachtaine. Tá fuinneoga ‘tríghloinithe’ againn ach tá tú fós ábalta rudaí a chloisteáil!
Ar an iomlán, áfach, táim sásta anseo. Níor mhaith liom a bheith i mo chónaí faoin tuath. Bheadh sé an-leadránach. Anseo sa chathair, tá gach rud ar leac an dorais againn.
noisy triple-glazed
at our doorstep
1. Cá bhfuil Freya ina cónaí? 2. Cá bhfuil an bloc árasán suite? 3. Cad é an seomra is fearr léi? 4. Ainmnigh trí phíosa troscáin atá ina seomra. 5. Cén áit a gcoimeádann sí a cuid earraí níocháin? 6. Deir sí go bhfuil ‘cúpla míbhuntáiste leis an áit’. Tabhair sampla amháin. 7. Scríobh síos dhá cheist ar mhaith leat a chur ar Freya faoina háit chónaithe.
Punann 3.2
A. Cruthaigh ceithre shleamhnán faoin seomra is fearr leat ar PowerPoint nó Prezi. Bain úsáid as https://planner.roomsketcher.com chun seomra 3D a dhearadh. Cuir lipéad ar gach rud.
B. Déan an cur i láthair os comhair an ranga mar chuid den MRB. Tá sampla i do phunann ar leathanach 14.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar an seomra is fearr liom. seasca a trí 63