BÉALTRIAIL Agallamh Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat. 1. Cén sórt tí atá agat?
Tá mé i mo chónaí i dteach leathscoite. 2. Cá bhfuil an teach suite?
Tá an teach suite in eastát tithíochta ar imeall na cathrach. 3. Cé mhéad seomra atá ann? Céard iad?
Tá ocht seomra sa teach. Trí sheomra codlata, an chistin, an seomra suí, an seomra bia agus dhá sheomra folctha.
4. Cén seomra is fearr leat? Is breá liom an seomra suí ach is é mo sheomra codlata an seomra is fearr liom.
5. Cén fáth?
Is breá liom mo scíth a ligean ann. Tá sé ciúin freisin. Tá mo leaba compordach agus tá deasc mhór agam chun mo chuid obair bhaile a dhéanamh.
Ruadhán
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén sórt tí atá ag Ruadhán? 2. Cá bhfuil a theach suite? 3. Cé mhéad seomra atá ina theach?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Ruadhán (Ceisteanna 1–5) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna faoi mo theach a fhreagairt. 86 ochtó a sé
4. Cad iad na seomraí ina theach? 5. Cén seomra is fearr leis? 6. Cén fáth a dtaitníonn an seomra sin leis?