Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. Cén sórt ceoil a thaitníonn leat? Taitníonn réimse leathan ceoil liom. Is maith liom rac-cheol agus popcheol. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom rapcheol.
2. Cén fáth?
Is maith liom na liricí agus is maith liom na buillí. Tá sé fuinniúil. 3. An éisteann tú le ceol go minic?
Éistim le ceol gach lá. Éistim le ceol ar an mbus ar scoil agus ar an mbus abhaile. Éistim le ceol i mo sheomra codlata freisin.
4. Cén ceoltóir nó banna ceoil is fearr leat? Hmm, ceist dheacair í sin. Kendrick Lamar nó NF, b’fhéidir.
5. Cén físeán ceoil (music video) is fearr leat? Is maith liom ‘Finesse’ le Bruno Mars.
6. An seinneann tú aon uirlis cheoil? Seinnim an méarchlár. Cleachtaim gach lá.
7. An bhfuil aithne agat ar éinne a sheinneann ceol? Seinneann m’athair an giotár agus seinneann mo dheartháir Tim an fhliúit.
8. An raibh tú riamh ar cheolchoirm?
Bhí. Chuaigh mé go Kendrick Lamar i mBéal Feirste. Chuaigh mé le m’athair agus le mo chara Caolán.
Kim
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén sórt ceoil a thaitníonn le Kim? Cén fáth? 2. Cé chomh minic is a éisteann sí le ceol? 3. Cé hiad na ceoltóirí is fearr léi? 4. An seinneann sí aon uirlis cheoil? 5. Cad iad na huirlisí ceoil a sheinneann a hathair agus a deartháir?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Kim (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna faoin gceol i mo shaol a fhreagairt. 216 dhá chéad a sé déag