Achoimre an ghearrscéil: Léigh agus scríobh Léigh achoimre (summary) an ghearrscéil agus freagair na ceisteanna.
Is scéal é seo faoi chailín óg darb ainm Pádraigín. Sa ghearrscéal seo, tá sí ina seomra ranga. Tá sí ag brionglóideach. Tá sí ag smaoineamh ar a saol. Tá brón uirthi. Tá sí ag déileáil le hathrú mór ina saol.
Rugadh a deartháir óg, Peadar, cúpla mí ó shin. Anois, tá Pádraigín ag roinnt seomra lena deirfiúr Aoife. Níl sí sásta leis an athrú seo. Níl aon spás aici.
Sa seomra ranga, bíonn sí ina suí ag barr an ranga in aice leis an múinteoir. Níl spás aici sa seomra ranga.
Bhuail sí le buachaill darb ainm Diarmaid an samhradh seo caite. Faraor, níl cead aici scríobh chuig Diarmaid mar caithfidh sí staidéar a dhéanamh, dar le Mam agus Daid. Níl cead aici dul chuig teach Mhamó ina haonar. Is maith léi teach Mhamó mar bíonn spás aici ann.
Smaoiníonn Pádraigín ar phlean. Scríobhfaidh sí litir chuig Mamó. Déarfaidh sí gur mhaith léi fanacht léi arís. Gheobhaidh sí cuireadh. Buailfidh sí le Diarmaid freisin.
Cuireann an plean seo áthas uirthi. top of the class
she has to Grandma’s house
stay with her invitation
daydreaming
thinking about; dealing with a big change
1. Cá bhfuil Pádraigín sa ghearrscéal seo? 2. Cén fáth a bhfuil brón ar Phádraigín? 3. Cén fáth nach bhfuil spás ag Pádraigín sa seomra ranga? 4. Cén fáth nach bhfuil cead aici scríobh chuig Diarmaid? 5. Cad a déarfaidh Pádraigín ina litir chuig Mamó?
Scríobh
Cruthaigh scéalchlár faoin ngearrscéal ar www.storyboardthat.com. Bain úsáid as an achoimre thuas.