Léigh agus scríobh Léigh faoi na teaghlaigh seo agus freagair na ceisteanna.
The Kabs Family
Is as Londain do Theaghlach Kabs, nó ‘The Kabs Family’. Tá triúr páistí sa chlann – beirt iníonacha agus mac amháin. Teija, Maliya agus TJ is ainm dóibh. Chan is ainm don mháthair agus Tay is ainm don athair. Thosaigh siad ag postáil físeán ar YouTube ach anois tá siad le feiceáil ar fud na meán sóisialta.
1. Cé mhéad páiste atá ag Tay agus Chan? 2. Cad is ainm dóibh?
1 Cé hé d ái á T Ch ?
Teaghlach Mahoney
Is as Contae Loch Garman do mhuintir Mahoney. Tá cúigear sa teaghlach. Bhuaigh máthair an teaghlaigh, Joanne, agus a triúr mac, Kevin, Conor agus Alan, an clár An Teaghlach is Aclaí in Éirinn. Bhuaigh siad duais €15,000 agus trófaí mór.
3. Cé mhéad duine atá i dteaghlach Mahoney? 4. Cé mhéad mac atá sa teaghlach?
3 Cé hé d d i á i d hl h M h ey? ? TJ agus Kylee
Is as Florida do TJ agus Kylee. Postálann siad go leor físeán ar TikTok agus tá na milliúin leantóir acu. Uaireanta bíonn Diana, máthair Kylee, sna físeáin freisin. Tá Kylee bodhar (deaf) agus úsáideann sí teanga chomharthaíochta (sign language). Tá na físeáin an-ghreannmhar agus an-suimiúil.
5. Cárb as do TJ agus Kylee? 6. Cén teanga a úsáideann Kylee?
5 Cá b d TJ K l ? Táim in ann daoine a chomhaireamh. fiche a naoi 29