Turas 2 BREITHEAMH: An bhfuil na daoine óga sin i láthair?
(Breathnaíonn MAC UÍ GHRÍOFA ar Shinéad agus cuireann ceist uirthi os íseal. Freagraíonn sí é os íseal.)
MAC UÍ GHRÍOFA: Tá ceathrar den seisear a chonaic iad anseo, a Dhuine Uasail.
BREITHEAMH: Ceathrar den seisear. Tuigim. Lean ort.
MAC UÍ GHRÍOFA: Bhí an seisear ag péintéireacht ar an bportach ar an 20ú lá den mhí agus chonaic siad an bheirt chosantóirí seo ag dumpáil go mídhleathach.
BREITHEAMH: Agus aontaíonn an seisear go bhfaca siad an bheirt ainmnithe ag dumpáil?
MAC UÍ GHRÍOFA: Aontaíonn an ceathrar atá anseo.
BREITHEAMH: Tuigim. Ceathrar. Go raibh maith agat. Anois, an bhfuil aon rud le rá ag an dream atá cúisithe?
MAC UÍ DHROMA: Ba mhaith liom ceist a chur ar Shinéad Nic an Mháistir. Tuige nach bhfuil an seisear a chonaic na daoine ainmnithe ag dumpáil, mar dhea, anseo?
MAC UÍ GHRÍOFA: Tá duine amháin acu, Seosamh Mac Domhnaill, ag cuardach fianaise atá fíorthábhachtach.
MAC UÍ DHROMA: Sin cúigear. Céard faoin séú duine? MAC UÍ GHRÍOFA: Tá muid ag súil leis aon nóiméad feasta.
MAC UÍ DHROMA: Bhuel, b’fhéidir gur féidir liom lámh chúnta a thabhairt daoibh. Glaoim ar Éamonn Beag Ó Murchú.
DOIRSEOIR: Éamonn Beag Ó Murchú.
(Tagann ÉAMONN BEAG isteach agus seasann taobh le Mac Uí Dhroma. Breathnaíonn NA HÓGÁNAIGH ar a chéile agus uafás orthu.)
MAC UÍ GHRÍOFA (de chogar le Sinéad): Ní maith liom é seo. Níl ag éirí go rómhaith le cúrsaí, tá faitíos orm.
MAC UÍ DHROMA: Is tusa Éamonn Beag Ó Murchú. ÉAMONN BEAG (ag caint os íseal): Is mé.
MAC UÍ DHROMA: An raibh tú ar an turas péintéireachta seo leis an gcúigear eile?
ÉAMONN BEAG (os íseal): Bhí.
MAC UÍ DHROMA: An bhfaca tú daoine agus iad ag dumpáil bruscair?