Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Dia dhaoibh! Is mise Jean. Tá seisear i mo theaghlach. Is iad sin mo mháthair, m’athair, mo bheirt deartháireacha agus mo dheirfiúr óg. Is mise an páiste is sine. Táim cúig bliana déag d’aois. Tim agus David is ainm do mo dheartháireacha. Síle is ainm do mo dheirfiúr.
Tá Tim níos sine ná David. Tá sé trí bliana déag d’aois agus tá David dhá bhliain déag d’aois. Is í Síle an páiste is óige. Tá sí deich mbliana d’aois.
Tá gruaig fhada dhonn orm féin agus ar mo dheirfiúr Síle. Tá súile gorma againn freisin. Tá gruaig ghearr dhubh ar Tim agus David agus tá súile glasa acu. Tá gruaig ghearr dhonn ar mo mháthair agus tá súile cnódhonna aici. Tá gruaig ghearr liath ar m’athair agus tá súile gorma aige.
Tá mo theaghlach an-chneasta. Tá mo shiblíní greannmhar agus fial. Bíonn siad i gcónaí ag insint scéalta grinn. Tá mé féin cabhrach agus dílis.
Réitímid go hiontach le chéile. go hiontach le chéile.
eis.
1. Cé mhéad duine atá i dteaghlach Jean? 2. Cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá aici? Cad is ainm dóibh? 3. Cén aois é David? 4. Cé hí an páiste is óige? 5. Cén sórt gruaige atá ar Jean agus ar Shíle? 6. Cén dath súl atá acu? 7. Déan cur síos ar a deartháireacha. 8. Déan cur síos ar a tuismitheoirí. 9. Tabhair sampla amháin a thugann le fios gur daoine greannmhara iad a siblíní. 10. An réitíonn siad go maith le chéile?