Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an dán ‘Jeaic ar Scoil’. Léigh an sliocht gearr thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an dán agus ar an topaic seo.
Glan díot gaineamh na trá Is oscail an doras don fhómhar, Bronn ort féin éide
Go bpriocfaidh sceacha na léine Do mhuineál óg beag Is go dtógfar ón mbosca na bróga A mboladh leathair ina anlann agat.
Sa dán ‘Jeaic ar Scoil’, tá Jeaic á réiteach don bhliain nua scoile.
Smaoinigh ar an gcéad lá de gach bliain scoile. An mbíonn sé difriúil le laethanta scoile eile? Cén fáth? Conas a mhothaíonn tú ar an lá seo? Conas a ullmhaíonn tú don lá scoile seo?
Le linn na caibidle seo, déan machnamh ar na ceisteanna sin. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.