Is mise Córa Nic Cuilín. Is as Baile Átha Cliath mé. Táim ag freastal ar Choláiste na Cathrach. Is aoibhinn liom spórt, go háirithe an pheil.
An Pheil Abú
Baile Átha Cliath agus Maigh Eo i bPáirc an Chrócaigh! Eolas faoin gcluiche
Chuaigh mé go dtí Cluiche Ceannais na hÉireann sa pheil Dé Domhnaigh seo caite. Bhí an cluiche ar siúl i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Baile Átha Cliath agus Maigh Eo ag imirt.
Roimh an gcluiche
Fuair mé an ticéad mar bhronntanas breithlae. Chuaigh mé go dtí an cluiche le ceathrar cairde. Fuaireamar an bus go Páirc an Chrócaigh. Thaispeánamar ár dticéid don fhreastalaí agus shiúlamar suas go Cnoc 16.
An cluiche féin
Bhí an cluiche thar barr. Thosaigh Maigh Eo go maith sa chéad leath. Ag leath ama bhí Maigh Eo dhá phointe chun tosaigh.
Sa dara leath, tháinig Baile Átha Cliath ar ais. Sa nóiméad deiridh, fuair captaen Bhaile Átha Cliath scór. Shéid an réiteoir an fheadóg dheiridh – comhscór! Beidh an athimirt ar siúl Dé Sathairn seo chugainn.
Tar éis an chluiche
Nuair a chríochnaigh an cluiche, d’fhágamar an staid agus shiúlamar go dtí an siopa sceallóg. Ansin, fuaireamar an bus abhaile.
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an gcluiche sin go deo.
1. Cathain a bhí Cluiche Ceannais na hÉireann ar siúl? 2. Cá raibh sé ar siúl? 3. Cé a chuaigh in éineacht le Córa? 4. Cé a bhí chun tosaigh ag leath ama? 5. Cad a tharla sa nóiméad deiridh? 6. Cad a rinne Córa agus a cairde tar éis an chluiche?
Punann 8.3
D’fhreastail tú ar ócáid mhór spóirt. Scríobh postáil bhlag faoin ócáid. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 62.
Táim in ann postáil bhlag a scríobh faoi ócáid mhór spóirt. dhá chéad tríocha a cúig 235