An dtaitníonn an dán ‘Jeaic ar Scoil’ leat? Tabhair fáth amháin le do thuairim.
Freagra samplach:
Taitníonn an dán ‘Jeaic ar Scoil’ go mór liom. Is aoibhinn liom an chaoi a léiríonn an file a grá dá mac.
I dtús báire, cruthaíonn an file go leor íomhánna grámhara. Cuireann sí síos go grámhar orthu féin ag fáil réidh don lá scoile. Cabhraíonn sí leis a éide scoile a chur air.
Ar an dara dul síos, cuireann sí síos go grámhar ar a thréithe fisiciúla – a mhuineál óg beag, a shúile donna agus a chuma fhásta. Tá sé bródúil agus neamhspleách. Ba mhaith leis fanacht leis an mbus ina aonar. Níor mhaith leis aon phóg ach oiread.
Ar deireadh, feicimid an file ag féachaint ar Jeaic amach fuinneog an tí. Molann sí a dhearcadh dearfach ar an saol.
the way creates
helps
traits grown-up appearance independent either
praises
Punann 5.3
Samhlaigh gur tusa an file. Scríobh an comhrá a bheadh agat le do mhac sé bliana d‘aois. Bíodh mioneolas as an dán san áireamh i do chomhrá, mar shampla:
• Go gcaithfidh sé a éide scoile a chur air • Go mbeidh sé ag dul ar an mbus • Go siúlfaidh tú síos leis agus go bhfanfaidh tú leis
Scríobh an chéad dréacht (draft) i do chóipleabhar. Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 35 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) do chuid oibre. Scríobh an leagan deiridh i do phunann ar leathanach 34.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar an dán seo agus idirghníomhú leis.